Bia Áitiúil- domhan sláintiúil

Riachtanas bunúsach is ea an bia. Ach ní smaoinímíd go minic ar na h-áiteanna as a dtagann ár mbia nó ar an mbealach fada idir an gort and an bord.  I gcás na mbéilí i Stáit Aonthaithe Mhericeá bíonn an bealach sin chomh fada le dhá mhíle ceithre chéad ciliméadar.  Seasca no seachtó bliain ó shin, in Éirinn, bhí beagnach gach feirm neamhspleách – bhí siad in ann a ndóthain féin bia a tháirgeadh. Is tábhachtach an rud é a ndóthain bia áitiúil a bheith ag daoine. Anois ní bhíonn formhór na ndaoine í dtúin le seasúir na bliana agus níl tuiscint acu go bhfuilimid i gcleithiún ar an dtalamh i gcomhair ár mbia.  Is í an dianfheirmeoireacht an córas is coitianta anois. Ach braitheann dianfheirmeoireacht ar mhargaí domhanda agus ar acmhainní nach bhfuil ar fáil ar an bhfeirm.

Earra is ea an bia, a thagann ó tháirgeoirí anaithnide, trí shlabhraí miondhíola anaithnide, go dtí na custaiméirí anaithnide. Tá an córas domhanda in ann bia éagsúil a sholáthair in aghaidh na bliana. Chun freastail ar na héilimh a chuirtear orthu, sábhálann na táirgeoirí na barraí atá oiriúnach i gcomhair na margaí domhanda – na barraí a bhfaigheann an praghas is airde agus nach bhfuil a lán oibre le déanamh chun iad a tháirgeadh. Is minic a úsáidtear na acmhainní chun barr amháin a tháirgeadh. Cuireann an córas seo isteach ar leordhóthain bia a bheith ar fáil agus cuireann sé brú ar éagsúlacht acmhainní nádúrtha. San fichiú céad cailltear seachtó cuig faoin gcéad de na plandaí bia  a tháirgeadh ag na glúinte a bhíodh ann roimh ré

Braitheann an córas bia nua-aimseartha ar ola. Ach éiríonn mórfhadhbanna as an úsáid  seo agus as an dtrácht.  Cuireann na fadhbanna aertruaillithe agus an téamh domhanda imní ar a lán daoine anois. Tá an trácht ag dul í méid agus tá  na h-údaráis áitiúla ag forbairt na mbóithre agus ag ceannach talún - uaireanta trí ordaithe ceannaigh éigeantaigh.  Mar gheall ar sin tá an talamh a bhí ar fáil i gcomhair na mbarraí ag dul í laghad. Fadhb eile a chuireann isteach ar dhaoine agus go mór mór ar lucht iompair, is ea an ola a bheith ag ag dul i dteirce agus ag dul i ndaoire anois.

Nuair a  smaoinímíd ar na fadhbanna achrannacha a bhaineann leis an gcóras bia nua-aimseartha is léir dúinn go bhfuil sé an-phráinneach córas bia áitiúil a spreagadh. Is dócha nach mbeidh dóthain bia áitiúil ar fáil go forleathan sar I bhfad ach tá sé riachtanach go ndéanfaimíd iarracht an leibhéal comh gar agus is feidir dúinn á gnóthú. Ní bhíonn imní ar lucht an airgid cad as a dtagann a gcuid bhia mar san am atá caite tháinig an bia trasna an domhain gan deacracht ar bith. Mar gheall ar sin ní raibh soláthar bia áitiúl mar ábhar pléite ag lucht polaitíochta. Ar an dtaobh eile níl sé furasta roghanna inbhuanaithe a dhéanamh nuair atá táirgeoirí bunaithe i dtíortha thar lear.

Le déanaí tá gluaiseacht nua ag teacht chun cinn. Is í seo gluaiseacht na ndaoine áta díograsach i dtaobh cúrsaí chomhshaoil agus cúrsaí sóisialta. Mar gheall ar a dtionchar siúd tá na córais bia áitiúla ag dul í méid. Margaí na bFeirmeoirí an córas is coitianta in Éirinn. Le déanaí tá athbheochan ar na garraíodóireachta. San am atá caite bhí gáirdíní teaghlaigh ag beagnach gach teaghlach. Tá gluaiseacht eile ag teacht chun cinn – sin eolas faoi bhia a scaipeadh sna scoileanna. Tá na gáirdíní scoile ag dul í méid. Diaidh ar ndiaidh tá níos mó suime ag daoine sna córais bia áitiúla agus sa bhia orgánach.  Ó thús na bliana 2026, úsáidtear thart ar 5% go 5.5% de thalamh talmhaíochta in Éirinn le haghaidh feirmeoireachta orgánaí, ag clúdach os cionn 225,000 heicteár agus thart ar 5,700 feirmeoir páirteach ann. Ach tagann seachtó faoin gcéad den bhia orgánach a dhíoltar i síopaí na h-Éireann, ó tiortha eile fós. Sa chóras seo úsáidtear ola mar a dhéantar san dianfheirmeoireacht.

Le deanaí in ionad na ndeontas éagúla a bhí ar fail ón Eoraip d’fheirmeoirí tá aon íocaíocht amháin. Mar gheall ar an athrú seo is dócha go mbeidh níos mó feirmeoirí ábalta bia áitiúil orgánach a tháirgeadh mar ní bheidh an íocaíocht ceangailte le gníomhaiocht ar leith.

Cuidíonn córais bia áitiúla le caomhnú an chomhshaoil chomh maith le soláthar bia úir áitiúil don mhuintir áitiúil agus le cumas maireachtana a bheith ag na feirmeoirí agus na siopadóirí áitiúla.

Fóclóir

neamhspleách: independent

i gcleithiún: dependent

coitianta: common

acmhainní: resources

anaithnide: unknown, anonymous

miondhíola: retail

éagsúlacht: diversity

a tháirgeadh: to produce

soláthar: supply

leordhóthain: enough, self-sufficiency

éileamh: demand

aertruaillithe: air pollution

téamh domhanda: global warming

spreagadh: encourage

ábhar pléite: topics discussed

athbheochan: revival

garraíodóireachta: allotments

gáirdíní teaghlaigh: home gardens

díograsach: enthusiastic

tionchar: influence

Next
Next

Rooted in Place: Local Food Communities